Cathal Seoighe

Profile banner

Cathal Seoighe

@cathal.bsky.social

Cuntas as Gaeilge. Suim agam sa nádúr, eolaíocht, cadhcáil, fidléireacht ar aonrothach agus rudaí fánacha eile.
Avatar
Céard a thugann sibh ar chac éan? Titimíní atá ag Miles na gCopaleen (bunaithe ar an mBéarla?). Táim ag athléamh An Béal Bocht toisc go bhfuil mé ar saoire, deifir amach as an teach orm ar maidin agus gan aon rud agam nach raibh léite - fáilte roimh mholtaí d'athtógáil an chairn leabhar neamhléite!
Avatar
Avatar
Ag súil le breith... Is gearr go mbeidh comharsana nua agam de réir cosúlachta.
Avatar
BBQ samhraidh an Bhruaigh Thoir ar tí tosú i Mionloch. Ríméad ar @falmairemor.bsky.social go bhfuil Ispíní á úsáid ag Clonakilty mar bhranda agus gur iad atá againn. Má fhanann an bháisteach sna scamaill anois, beidh linn.
Reposted byAvatar Cathal Seoighe
Avatar
Cóip de Ar Son na Palaistíne á bronnadh ar Aoife Ní Mhurchú — tá Aoife ar bord an Handala faoi láthair agus í ar a bealach go Gaza chun aghaidh a thabhairt ar léigear na nIosraelach. Breis is €3,000 bailithe go dtí seo ag Ar Son na Palaistíne. @antainmac.bsky.social leabharbreac.com/shop/leabhar...
Avatar
Scimirí earrdhubh, atá flúirseach faoi láthair i nGort a' Chalaidh. Is suntasach an difríocht idir na cinn fireann agus baineann.
Avatar
Coinnle Muire i nGort a' Chalaidh tráthnóna agus na bláthanna ag briseadh amach faoi dheireadh. Débhliantóg atá inti a éiríonn sách ard faoin am a thagann na bláthanna amach sa dara bhliain dá fás.
Avatar
Na frásaí is fóintí á bhfoghlaim ag mo chéile le Duolingo i gcónaí. Ach samhlaím dá n-ordódh sí sicín marbh i mbialann i gConamara go mbeadh barúil acu nach de bhunadh na háite í.
Avatar
Magairlín na mbeach - an chéad cheann a chonaic mé i mbliana. Bláth álainn ach is fealltach agus is suarach an cleas a imríonn sé ar an mbeach aonair bhocht.
Avatar
Táim i mBeirlín anocht agus chonaic mé go bhfuil imeacht ar siúl i gcomóradh na bpáistí a mharaigh Iosrael san ionradh ar Gaza. Gach ainm atá ar fáil agus na haoiseanna á léamh amach. Meastar go nglacfaidh sé 14 uair an chloig. Saol i ndiaidh saoil a cuireadh deireadh leo ina n-óige.
Avatar
Laghairtín deas i bhfolach san eidhneán, a chonaic mé tráthnóna.
Avatar
Aistriúchán deas (más aistriúchán a thabharfá air). Is dócha gur thug cuid eile agaibh na boscaí brúscair seo faoi deara cheana, ach ní fhaca mise iad go dtí cupla lá ó shin.
Avatar
Mo chomhphairtí ceoil, Catherine, maidin inniú agus cuma na mná thraidisiúnta uirthí ag iarraidh éalú ó na míoltóga géire a bhí dár n-ithe i gcaitheamh an ama. Bhí muid ag casadh ceoil le haghaidh RnaG a bhí linn Tigh Mhaidhc Phádín i Mionloch. Craic maith, ainneoin na gcráiteoirí beaga.
Avatar
Fáinleog a chuaigh ar strae isteach sa ngaráiste ar ball agus nach raibh in ann a bealach a dhéanamh amach. Bhí mé ar nós amadáin anonn 's anall le pluid agus í ag eitilt tharam go dtí gur éirigh liom í a threorú amach ar deireadh. Seo í ag breathnú go sotalach orm i mbriseadh sa gcluiche.
Avatar
Crann leamháin a thug mé faoi deara den chéad uair anois díreach ar champas na hollscoile, agus é díreach in am lóin - neaim neaim!
Avatar
Na gealáin thuaidh anocht. An chéad uair dom é a fheiceáil i gceart.
Avatar
Dearóile. Forógra aslonnaithe eisithe ag arm na hIosráile do chuid de Rafah. Muintir na Palaistíne ar an mbóthar arís. An t-arm tar éis a bheith ag tréadaíocht daoine ó áit go háit amhail is gur ainmhithe bhí iontu le breis is leath bliana.
Avatar
Níor tugadh aon treoir maidir le capaill @duinedeas.bsky.social ach seo cupla ceann duit (caiplí Chonamara?) a chonaic mé ar cosa in airde le bruach abhann an Chláir agus mé amuigh sa gcadhc ar ball.
Avatar
Laghairt a chonaic mé i nGort a' Chalaidh inniu. Fíor bheagán acu atá feicthe agam i mbliana. Is féidir go ndeachaigh an geimhreadh fada crua orthu - ní raibh mórán dea-aimsir anseo san earrach a thabharfadh deis dóibh teacht slán ón ngeimhriúchán.
Avatar
Ar thuras oibre go hOllscoil Notre Dame an Locha. Campas thar a bheith deismir, maidin Domhnaigh, fir óga le cuma dáiríre orthu i mbléasair agus brístí atá orlach nó dhó ós cionn cholbha a mbróg.
Avatar
Chuala mé nath cainte deas aréir - a bheith id' sheasamh ar an scraith bhogadaí, má thug mé liom i gceart é. (Iad siúd nach bhfuil 'fhios v iad siúd atá 'fhios acu, le méim atá coitianta thall a ghoid).
Avatar
Beidh siúlóid éanbhreathnaithe i Mionloch an deireadh seachtaine seo. Imeacht de chuid An Bruach Thoir le haghaidh Seachtain na Gaeilge, á threorú ag cailín óg as Cois Fharraige (mise mar threoraí cúnta). Fáilte roimh chách.
Avatar
Chuir mé an fheamainn isteach faoin gcréafóg inniu, tar éis dó bheith ag seasamh ar feadh roinnt seachtainí. Más dea-thuar é an droch-bholadh beidh an-rath ar na fataí.
Bhí mé féin is beirt de na gasúir ag baint feamainne le Pádraig Mhionlaigh ag an deireadh seachtaine. Lán leantóra de faighte againn gan titim amach le duine ar bith. Is cosúil nach bhfuil an tóir chéanna air is a bhíodh, mar fheamainn.
Avatar
Lá Darwin sona dóibh siúd ar fad a bhíonn á cheiliúradh.
Avatar
Tá an t-earrach ag sárú leis an ngeimhreadh.
Avatar
Bhí mé féin is beirt de na gasúir ag baint feamainne le Pádraig Mhionlaigh ag an deireadh seachtaine. Lán leantóra de faighte againn gan titim amach le duine ar bith. Is cosúil nach bhfuil an tóir chéanna air is a bhíodh, mar fheamainn.
Avatar
Alt an-deas ag @lillis.bsky.social i gCois Coiribe a léiríonn an ceangal idir caomhnú cultúrtha agus an inbhuanaitheacht timpeallachta. Seans go mbeadh spéis ar leith agatsa ann @fintan-galway.bsky.social bunaithe ar an méid atá idir lámha agat impact.universityofgalway.ie/articles/cul...
impact.universityofgalway.ie
Avatar
Chuaigh mé ag siúl thuas ar an gCreig i Mionloch inniu agus lean mé orm go raibh mé caillte. Bíonn rudaí spéisiúla (domsa) i gcónaí ann. Cén t-ainmhí a bhailigh an carnán sceachóirí leath-ite seo agus cén fáth? Cén chineál iad na beacáin ollmhóra seo? Aon fhreagraí ag aon duine dom?
Avatar
"Tá siúcra ag an damhán alla" - ceann de na rudaí aisteacha a chloiseann tú nuair atá do chéile ag foghlaim Gaeilge ar Duolingo. Pé scéal faoin siúcra, coinnigh amach ón gcaife é.
Avatar
Céad snafach na bliana atá romhainn ar champas na hollscoile i nGaillimh inniu.